Seanchas halla Dhobhair. Bhí siopa ann ag Cónall Ó Fearraigh as an Luinnigh ar dtús. Nuair a dhruid an siopa tar éis tamaill, shocraigh cúpla fear an siopa a cheannach ó Chónall. A fear céile, Pádraig, Charlie Hughie Phaidí, Paidí Charlie Jimmy, Micí Mhainy agus John Charlie Mhicí na fir a cheannaigh é. Thosaigh siad ag reáchtaíl cluichí ‘whist’ i dteach ar dtús agus a halla ansin. Bhí tine fhoscailte ann, baineadh amach an clár (counter). Airgead a chruinniú leis na cluichí ‘whist’ le píosa a chur leis an halla. PJD (Patrick J Doherty) a chóirigh an halla. Críochnaithe in 1971 nó 1972. Thosaigh damhsaí ansin, bhí an banna istigh ann fosta ag cleachtadh. Bhí halla bhreá ann. D’oscail an tUachtarán, Máire Mhic Ghiolla Íosa (Mary Mc Aleese) halla úr ar 30 Márta 2006. Tá ríomairí agus ‘pool’ ann. Is maith an rud é. | 00:05:49 | |